Le Cathal O'Cearbhaill
Ag tabhairt cuairt ar bhunscoileanna
ón 13ú go 24ú Deireadh Fómhair 2025
Sé cuspóire an dráma seo ná go dtuigfeadh daoine óga an ról atá acu maidir le téamh an domhain. Baineann an seó le téamai a eascraíonn as Eolaíocht, Tíreolas agus SPHE. Ceúdaíonn sé ailleacht agus leochailleacht an nadúr agus an dochar don dtímpeallacht agus do saol na ndaoine de bharr an fón póca (lorg coiscéim carbón agus obair leanbhaí).
Tá sé mar aidhm ag an seó go mbeadh imeacht láidir oideachasúil ag na páistí, as Gaeilge, iad ag glacadh páirt agus ag baint taitneamh as. Tá pacáiste acmhainní ar fáil (féach thíos) do gach éinne, bunaithe ar an taispeantas. Deineann an urlais seo achomaire ar na ponití sa seó agus tugann breis eolas. Tá imeachtaí tarraingtheach dos na leanaí sa pacáiste coimh maith.
CÉN FÁTH GUR CEART DÚINN ÁR BPLAINÉID A SHÁBHAILT?
Tugann an taispeántas samplaí dúinn cé chomh uathúil is ea ár bplainéad.
Le samplaí éagsúla, míníonn an taispeántas dúinn cé comh uathúil is ea ár bplainéad ó iompar dochreidthe na hainmhithe go dtí an chaidreamh idir na plandaí. Trí mheán taispeántais praicticiúla cuirtear i láithir slíte casta an nádúir go simplí dosna daltaí.
CAD É ÁR dTIONCHAR AR AN TIMPEALLACHT?
Tugann an seó aghaidh ar na fíor gnéithe praicticiúla d'ár gnáth shaol a cuireann leis an athrú aeráide agus tugann sé céimeanna praicticiúla gur féidir leis an dalta difríocht a dhéanamh. Cuirtear in iúl na seancheisteanna casta seo i stíl bunúsach ag úsáid meascán de greann agus macántacht i dtreo is go mbeidh na daltaí cutha in iúl dosna fíordheimhiní agus ag coimeád an taispeántas siamsaíocht agus dinimiciúil ag an am gcéanna.
Mar an gcéanna lenár seóanna go léir, glacann na daltaí páirt ghníomhach. Cabhraíonn daoine deonacha leis na taispeántais praicticiúla chun na gnéithe seo a léiriú don chuid eile den lucht féachana.